Baile

Fáilte go suíomh idirlín na comhdhála – An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas : An Tumoideachas: Bua nó Dua?

D’fhreastail níos mó ná dhá chéad toscaire ó naoi dtír éagsúla ar an gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas a bhí ar siúl ar an Aoine 15 Bealtaine agus ar an Satharn 16 Bealtaine i gColáiste Mhuire gan Smál. Eagraíodh an chomhdháil tionscnaimh i gcomhar le Coláiste Mhuire gan Smál, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí; Gaelscoileanna Teoranta; Foras na Gaeilge agus Comhairle na Gaelscolaíochta. Ba í an aidhm a bhí leis an gcomhdháil tionscnaimh seo ná lucht acadúil, cleachtóirí agus daoine gairmiúla a thabhairt le chéile chun taighde, teoiric agus dea-chleachtais an tumoideachais a chomhroinnt agus a phlé, agus chun plé ghairmiúil bhríoch a thionscnamh agus a chothú ar shainriachtanais, ar ionchais, ar éilimh, ar fhorbairtí comhaimseartha, ar chomhthéacsanna éagsúla an oideachais lán-Ghaeilge agus ar bhuanna an tumoideachais sa tír seo. Ghlac lucht acadúil, cleachtóirí agus daoine gairmiúla rannpháirtíocht sa díospóireacht chriticiúil ar na ceisteanna leanúnacha agus ar na freagraí nuálacha ar leith a bhaineann leis an tumoideachas faoi na fo-théamaí seo a leanas: Treoirphrionsabail an Oideachais Lán-Ghaeilge agus Beartais Oideachas Teanga; An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha agus Riachtanais Oideachais Speisialta. I measc aoichainteoirí na comhdhála bhí An tOllamh Diane J. Tedick, An tOllamh Tara W. Fortune, Ollscoil Minnesota, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus An tOllamh Muiris Ó Laoire, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí.

Beidh cartlann na dtaifeadtaí maraon le spreagaithisc agus páipéir na comhdhála ar fáil anseo go luath.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Stiúrthóir na Comhdhála
An Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais,
Coláiste Mhuire gan Smál,
Luimneach.